|
Dáibhí Ó Cróinín
Is geall le brionglóid nó tromluí é an t-úrscéal seo, idir chúlra agus insint, a chruthaíonn gur minic an bhrionglóid níos réalaíche ná an saol féin. Más leabhar dorcha é seo, ar go leor bealaí, soilsíonn an greann buile agus an ghaois shinseartha tríd chomh héifeachtach sin is a chuirfeadh an cúr ar ais ar dhrochphionta pórtair duit!.
Dála Laurence Sterna roimhe, ba dhóigh leat, ní ghéilleann an t-údar seo puinn do ghnáthchoinbhinsiúin na húrscéaltaíochta. B'fhánach agat tús, lár, nó clabhsúr a lorg ann nó a rá leat féin cad faoi atá sé, go baileach; is rídheacair é a chur síos nó é a leagan uait, ar a shon san, mar is é an rud a thugann fuinneamh agus faoibhar neamhghnách dó ná an stíl shaibhir bharrúil a mheabhródh an chuid is fearr den bhéaloideas duit. Tharlódh gur genre nua é seo, an béaloideas i bhfoirm úrscéil - nó an é an t-úrscéal i bhfoirm béaloidis é?
|